Suirbhéanna um Aerfheithiclí gan Fhoireann (AFGF) – Baile Shéarlais, Fionnghlas, Contae Bhaile Átha Cliath

Tá Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithicil gan Fhoireann (AFGF) feadh an N2/an M50 i gceantar Bhaile Shéarlais, Fionnghlas, Contae Bhaile Átha Cliath. Tabharfar faoi na suirbhéanna i rith uaireanta oibre agus, faoi réir na haimsire, beartaítear tabhairt fúthu idir Deireadh Fómhair agus Nollaig 2019.  Beidh aitheantas á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
 
Féadfar sonraí pearsanta an-teoranta a bhailiú nach gcoimeádfar sna suirbhéanna.  Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta de réir na téarmaí atá ina Fhógra maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil anseo.